Saturday 17 March 2012

Suas Linn...

Dia dhaoibh a chairde!

Ní thuigim cén fath nár scríobh mé píosa nua go dtí anois. Tá cúpla mí imithe ó shin, fíor bhrón orm. Tá an saol ag coinneail leis, gan scíth a thógáil ar feadh cúpla nóimead. Coinneann sé leis i gcónaí.

Aon scéal? Tá mé ag staidéar liom sa hOllscoil, ná labhair liom faoi séimhiú agus úrú, ní thuigim iad fós. Tar éis dhá bhliain. Urgh, TÁ A FHÍOS AGAM!!! :(

Bhí coicís iontach againn leis an Cumann Craic, OÉ Gaillimh i mbliana le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Sea, coicís ag spraoi, damhsa, drámaíocht, ar na drummaí, spoirt, comhrá, rith... Inniu, thóg muid pairt i Rith2012. Thosaigh grúpa s'againne ó Cnoc na Radharc chomh fada leis an Connemara Coast Hotel. Ach, stop mise ag GTI ar Bhóthar an Athar Ó Gríofa. Bhí mé mall, ach is cuma, thóg mé pairt, agus tá mé chomh sona :)


Le haghaidh Lá Fhéile Phádraig, beidh mé ag dul chuig an aifreann as Gaeilge i Ardeaglais na Gaillimhe ar an 11am, agus ansin ag siúl isteach go dtí Sráid na Siopaí nó Sráid Dominick (níl mé ró-chinnte cén treo fós) chun an paraid a fhéiceail. Tosnaíonn an paraid ar 11.30am, sin a duirt an suíomh gréasain. Beidh grúpa GSPCA ag bailiú airgead ag déanamh péintéail éadan thíos i Póirse Spáinneach ón 12 meanlae. Ansin, cóisir ag teach mo chara an oíche sin. Yeowwwwwwwww! :D


Sin é an scéal go foill, beidh mé ag caint libh. Beannachtaí Lá Fhéile Phádraig doibh go léir! <3


Grá mór, Máire xxx